Ar Cheart an Iarnród a thabhairt don cluiche idirnáisiúnta?
An deireadh seachtaine céanna agus Cumann Luthchleas Gael ag iarraidh comórtas úr a bhúnú tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh an tairne deireanach a chur isteach i gcónra comórtas lena bhfuil stair agus clú agus caill báinte amach aici. Comórtas a bhfuil seasamh ceart tuillte aici mar gheall ar na imreoirí spéisialta a d’imir ann agus toisc gur dtug an comórtas céanna dushlán iontach do na h-imreoirí is fearr sa tír, sé sin bheith ag imirt ar son do chúige féin.
Is maith is cuimhim liomsa nuair a fuair mo sheanathair bás go raibh raic ann maidir leis na rudaí a d’fhag sé ina dhiaidh. Tarlaíonn sé go mín minic nuair a fhaigheann duine bás go mbíonn conspóid ann faoi airgead, talamh nó seodra, bhuel i mo theaghlach féin bhris conspóid agus achrann amach mar gheall ar bonn Corn an Iarnród a bhaintear níos mó na caoga bliana ó shin. Bhí mothúchain laidir ann fan stair a bhain leis an bonn sin ach ní dóigh liom go mbéadh clann ar bith na leatha seo comh togfá fá bonn a mbaintear sa comórtas le déanaí.
Is maith liom féin bheith ag amharc ar an cluiche idirnaisiúnta, ní amhain go dtugann sé seans don tríocha imreoir is fearr sa tír geansaí na tíre a chaitheamh agus taispeánann sé an cluiche ar leibhéal idirnáisiúnta ach ón fianaise atá soiléir go chach tá an-iarracht cúrtha isteach le déanamh cinnte go mbíonn rath agus bláth ar an cluiche idirnáisiúnta, cén fáth nach dtiocfadh le Nickey Brennan agus a chairde atá amuigh ag déanamh bolg le gréine san Astráil fiú deich faoin gcéad den iarracht céanna a chur isteach i gCorn an Iarnród? An é nach bhfuil cluiche idir na gcúige gnéasach go leor dóibh?
Rud amháin atá maith a tháinig amach as an turas a fuair siad chun na hAstráile ná go raibh siad abálta caipín a chur ar líon na h-imreoirí atá ag imeacht amach chun na hAstráile agus nach mbeidh clubanna as an Astráil ag tabhairt conraithe amach d’imreoirí faoi naoi mbliana déag d’aois ach tá an déa-scéal seo i bhfad ró-mhall do chlubanna ar nós Ard Bó atá le slán a fhágáil chuig an t-imreoir faoi aois is fearr le teacht amach as club s’acu leis na blianta.
Chuir siad an lú iarracht sin isteach i gCorn an Iarnród i mbliana nach raibh fiú uisce té i ceann amháin de na seomraí féistís i ndiaidh don cluiche bheith críochnaithe, rud a chur isteach go mór ar iar bhainisteoir Ard Mhacha Joe Kernan.
Ní raibh an scéal i gcónaí mar seo afach, bá ghnách an cluiche ceannais den Corn Iarnród a imirt ar lá fhéile Phadráig i bPáirc an chrocaigh os comhair teach lán. S’amhlaigh caoga nó seasca míle ann anois ag tabhair tacaíocht don na cúigí. A leithead de bhroinglóid! Ach cén fáth nach dtiocfadh le údarás Chumann Lúthcleas Gael sin a dhéanamh. Ag an am seo den bhliain tá sé deacair go leor ag iarraidh daoine a mhealladh chuig cluiche ach dá mbá rud é go raibh Corn an Iarnród ar siúl thar Lé Fhéile Padráig agus é ar siúl róimh cluichí ceannais na gclub, tá mé lan cínnte go mbeadh saol úr sa sean chomórtas seo. Is maith le teaghlaigh anois ‘Lá’ amuigh a bheith acu nuair a théann siad chuig cluiche, sé sin an lá ar fad a chaitheamh ar amharc ar cluichí, an dóigh a bhfuil Páirc an Chrocaigh sna laetha seo tá sé furast lá ar fad a chaitheamh ann. Bíodh Corn an Iarnrón mar chuid de Fhéile lá Fhéile Phadráig agus tíocfaidh na sluaite.
D’fhoghlaim Cumann Lúthchleas Gael go dtagann na sluaite amach le bheith ag amharc an Chorn an Iarnród nuair a d’imir siad an Comórtas ar an Róimh i 2003 agus i Meiriceá i 2005. Is seans iontach é Corn an Iarnród chun cluichí s’againne a thaispeáint don domhain mhór. Ba iontach an rud é Corn an Iarnród a imirt i Londain mar shampla ar Lá fhéile Phadráig. Ba iontach an rud Corn an Iarnród á úsáid mar spórt taispeántas agus muid ag díriú isteach ar na Cluichí Oilimpeacha i Londain i 2012. Tá Mickey Harte den bharúil gur cheart do na Cluichí Gaelacha páirt a bheith acu sna Cluichí Oilimpeacha agus tá an ceart go hiomlán aige, cén fáth mar sin nach dtiocfadh le Nickey Brenann agus a chairde iarrachtaí a dhéanamh le Corn an Iarnród a úsáid i Londain.
Tá ceacht foghlamtha ag Cumann Lúthchleas Gael go n-imríonn an bolscaireacht. Amharc ar na sluaithe a tháinig isteach don Chéad cluiche faoi solas i bPáirc an Chrocaigh idir Báile Átha Cliath agus Tír Eoghain. Dá ndéanfadh bolscaoireacht mar is ceart ar Corn an Iarnród bhéadh i bhfad níos mó ann ná mar a bhí i latháir i Fermoy agus Kiltoom i mbliana. Tá sé deacair na háiteanna seo a fháil ar léarscáil na hÉireann gan tracht ar Pháirc an Chrocaigh a úsáid. Tháinig 10,127 amach an uair déireanach nuair a imríodh Corn an Iarnród i bPáirc an Chrocaigh agus thíocfadh le Cummann Luthchléas Gael méadú a fheiceáil ar an uimhir sin le feachtas margaíochta ceart ar siúl acu, rud a dhéanann siad nuair atá na hÁstrálaigh anseo.








